Gaelscoil Chnoc Liamhna ar liosta tógála na Roinne Oideachais. Bhí cruinniú ag an mBord Bainistíochta leis an Rannóg Tógála i mí na Samhna. Dúradh linn go mbeadh tuairisc innealtóra réidh ag deireadh mhí Eanáir agus go gcuirfear tús leis an bpróiseas dearaidh ansin. Ce go bhfuil an-chuid iarrachtaí déanta ag an mBord Bainistíochta agus ag grúpa díograiseach tuismitheoirí eolas a fháil ón Roinn Oideachais maidir le dul chun cinn, níl aon scéala tagtha ar ais chugainn go fóill.
A thuismitheoirí rinne sibh obair den scoth ar son na scoile i mí Dheireadh Fómhair agus tá bhur dtacaíocht uainn arís ag an gcruinniú anocht. Beidh John Lahart, Paul Murphy agus Katherine Zappone i láthair agus beidh fáilte mhór roimh sheanthuismitheoirí, gaolta eile a bhfuil suim acu sa scoil agus iardhaltaí na scoile.